Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 91](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1038%2FCBES_1038_91.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 91
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d’fhág sé bódhar balbh í. Nuair a fágadh mé fhéin agus an óig bhean le chéile. Ba mhiam liom fhéin a ghabhail ‘un comhráidh leithí acht ní rabh gar ann. Ní rabh smid inntí. Sin an áit a rabh an buaidhreadh fán a leitheid de chúram a bheith orm.
Thug mé liom aníos na bhaile chuig mo mhuinntir í, agus ní rabh ann acht é gur leigeadh isteach mé fhéin ná í fhéin.
Bhí sí annsin ‘sa chludaigh ar feadh bliadhna. Bliadhan o’n oidhche sin dar liom go rachfainn arais go h-oileán Muirthinigh go bhfeicfinn caidé tchífinn nó chluinfinn.
Rinne mé bhun an oidhche, sul ar fhág mé an teach. Cuir mé buideal uisge coisriochtha in mo phóca.
Síos liom agus bhí an sgáifte céadna ar an oileán ag damhsa, ag ól is ag ceól. Isteach liom fhéin in a measg go for-mhothuighthe. Shuidh mé síos go h-íseal i gcoirneal dorcha thíos i gcionn a’ toighe. Bhí an biotailte ag ghabhail thart go fras.
“Bliadhan ‘san oidhche anocht”, arsa fear aca, “A thug an bhanach an bhean uaim”. “Maise”, arsa fear eile, “ní rabh mórán de pléisiúr ó shoin aige.
D’fhág mise bodar balbh í sul ar leig mé leis í”. “Maise”, ars ‘n tríomhadh fear, “dá mbéadh fhios aige é, b’fhurast a léigheas. Dá mbéadh braon dá bhfuil sa chórn seo aicí,” ar seisean, “gheobhfadh sí an cainnt agus an t-éisteacht arais”.
Suas liom fhéin ar mo chéithre bonn go dtí é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall