Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 89

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 89

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 89
  3. XML “Nuair a d'Fhuadaigh Seán Bán an Bhean”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Oidhche Shamhna a bhí ann, an rud a b’anamh liom fhéin níor fhág mé an teach an oidhche seo. I drath leath-am luighe, dar liom go mbeadh ruaig thart fá’n chladach agam a bhainfeadh an codladh as me shúile.
    Bhí oidhche dheas chiúin gealaigh ann, agus é leath bealaigh a bheith tuitim síos le tráigh. Ní rabh a dhath le cluinstin acht madaidh na bróghád a’ tafann agus na crotaigh a’ sereadach go géibheannach ‘sa deán. Bhog liom síos Port a Curraigh agus cuarfá ceól thuas agam. Níor b’fhada go gcuala mé ceól a ba binne i bhfad na mo chuid cheol fhéin.
    Chuir mé cluas le h-éisteacht agus daithin mé gur ceól Píob a bhí ann, acht ní rabh Sul agam a dheánamh amach cé’n áit a rabh an Píobaire a’ seinm. Fa deireadh dar liom gur ar óileán Muirthinigh a bhí an ceól. Bhog mé liom go h-aigeanntach amach an tráig a’ tarraingt ar an oileán.
    Nuair a chuaidh mé go bun an Rósa bhí an t-oileán dubh le daoine, agus chan cionn’s mé fhéin a rádh saoileadh cuid mhór damhsa nuair a chuaidh mé in a measg. Shíl mé go geraithfeadh siad na sciatháir amach as na guailneacha agam.
    Ní rabh mé i bhfad in a measg gur chuir siad ceileabhar cuididh orm. Ar ndóighe thoiligh mé fhéin cuideadh ar bith a rabh díobhail ortha a tabhairt dacbhtha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionsus Ó Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Seoladh
    Dúbinn, Co. Dhún na nGall