Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)

Suíomh:
An Chruach, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Séamus Mac Duibhir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1038, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cruach
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Le Linn é Bheith ar Fastó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gasúr ann am amháin agus chuaidh sé ar aimsear chuig feirmeoir. Sé an seort obair a bhí aige da a bhuachailleacht. Bhí sgaith droch áit ann agus ní rabh an gasúr a fághail dadaí le h-ithe ach mar rabh fhéin bhí sé a biseadh na ba agus tarbh i dtolamh. Bhí triúr ingheanacha ag an fheirmeóir seo. Chuaidh bean aca amach lá amháin go bhfeicfeadh sí an bhfeicfeadh sí é ag fághail dadaí le h-ithe. D’iarr an gasúr uirthí suidhe agus nuair a fuair sé na suidhe í chuir sé biorán suain ina cionn agus thuit sí ina codhladh. Chuaidh an tarbh beag fhad leis an chlaidh agus bhuail sé adharc air agus tháinig tábla bréagh bidhe agus dighe amach fhad leis an ghasúr. Chuaidh an cailín abhaile annsin agus dubhairt sí nach bhfacaidh sí an gasúr ag fághail dadaí le h-ithe.
    Dubhairt bean eile go rachfadh sí amach lathair-na-mharach go bhfeicfeadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0511: One‑Eye, Two‑Eyes, Three‑Eyes
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mollaidh Ní Ghallchobhair
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Prionsus A Ghallchobhair
    Inscne
    Fireann