Scoil: Cruach (uimhir rolla 15931)
- Suíomh:
- An Chruach, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Séamus Mac Duibhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal fá Naomh Padraig agus OisinNuair a bhí Naomh Padraig annseo i nÉirinn bhí Oisin an fear deireannach de na Fiannaibh ann fosta. Lá amháin thuit Naomh Pádraig agus Oisin 'un cómhraigh. Thrácht siad ar an cineal aimsire a bhíodh ann an t-am sin. Dubhairt Oisin le Naomh Padruig go rabh difir mór eadar an cineal aimsire a bhíodh ann annsin agus an cineal aimsire a bhí ann nuair a bhí seisean ina ghasúr. Dubhairt sé go mbíodh fuacht ar dheireadh Earraigh, baile ar dheireadh Samhraidh, clocha sneachta ar dheireadh Fóghmhair agus sioc ar dheireadh gheimhridh. Rinne siad móran trácht ar an aimsir eadair deireadh. Thug Naomh Padraig eolas dó fá'n créideamh fíor agus thug sé baisteadh dó. Bhí Naomh Padruig é fhéin ag éirighe aosta in a am agus bhí croisín leis. Bhí iarrain ar deireadh an croisín aige sa chluiche 's go gcoinneochadh sé greim ar an talamh. Nuair a bhí sé gabhail a thabhairt baisteadh do Oisin sháith sé an croisín ins an talamh agus caidé rinne sé ach an croisín a chuir fríd cois Oisin. Nuair a bhí an baisteadh thart thug sé fá dear caidé bhí déanta aige agus ars sé le Oisin, "Ca tuige nar labhair tú." "O Muise," deir Oisin, "shíl mise gur de'n bhaisteadh sin."Dubhairt Naomh Padruig leis annsin go dtabhradh sé amharc amháin dó ar Afrinn nuair a chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mollaidh Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Prionsus a Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall