Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 260

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 260

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 260
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Teach bocht teach gan bean
    Is namhad an chéird gan a fhoghluim
    Duine óg craibhtheach - adhbhar sean-diabhail.
    Lá na seacht síon (an-gharbh)
    Oidhche na seacht síon
    Súil, glúin, uilleann - na trí baill is nimhnighe.
    Ar chloch a' bhaic a thig an chéad ampla
    Ag cloch a' bhaic a thoisigheas an t-anró.
    Ceo sean-ghealaighe - siabfaidh sé.
    Is maith Dia go lá.
    Bíonn borb faoi sgéin (smooth water) ??
    Ní sult as searbhas a baineadh as deoch an díoghaltais.
    Saighdiúr óg - adhbhar sean-bhacaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge