Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)

Suíomh:
Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1037, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Meenacahan
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Scéal”
  4. XML “An Cailín Cliste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cailín ann aon uair amháin agus bhí beirt bhuachaill aice agus ní rabh fhios aice caidé an fear acu a nglacfadh sí. D'fhiafruigh sé dó'n mháthair cáid a ndéanfaidh sí agus dubhairt an mháthair leithe mála a thabhairt leithe agus dul a chruinniú. Chruinnigh sí an méid bratógaí a bhí 'san teach agus chuir sí uirthí iad agus nuair a bhí sí gléasta chuaidh sí go teach ceann de na buachaillí agus d'iarr loistín. Dubhairt an bhean a bhí 'san teach nach rabh siad ag coinnealt duine ar bith ach go gcoinneóchaidh sí isean an oidhche sin. Rinne sí sráideóg dithe agus chuaidh an cailín in a luighe. Nuair a tháinig an buachaill abhaile thúsaigh sé ag sgamháil agus bhí sé an midh-shásta le na mháthair cionnus gur choinnigh sí an bhean. D'éirigh an cailín le nabú an lae agus d'imthigh sí abhaile, agus d'innis an sgéal do'n mháthair. An oidhche in a dhiaidh sin chuaidh sé go teach an bhuachala eile agus rinne an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Innéacs seanscéalta
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Chíonaoith
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mín Uí Bhradáin, Co. Dhún na nGall