Scoil: Meenacahan (uimhir rolla 6063)
- Suíomh:
- Mín Uí Chatháin, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Brigid, Bean Uí Eachthighearn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Meenacahan
- XML Leathanach 263
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann aon uair amháin agus goid sé muc ó'n sagart.”
Bhí fear ann aon uair amháin agus goid sé muc ó'n sagart. Chuaidh sé ar fhoistín chuig an sagart ceadhna agus d'innis do gur ghoid sé muc. O! arsan sagart caithfidh tú é a thabhairt ar ais do'n fhear ar ghoid tú uaidh é. Bhurfidh mé duit í a shagart ma nglacann tú í. O arsan sagart ní ghlacaidh mise í. Bhal bhí ag dul a thabahirt do'n fhear ar ghoid mé uait í ach ní ghlacfadh sé í. Bhal má's fíór sin arsan sagart thg leat fhéin í a choinnilt.
Tháinig an fear amach annsin agus bhí an-lúthgháir air. Mharbhuigh sé an mhuc. Tamall in a dhiaidh sin fuair an sagart amach garab í a mhuc fhéin a ghoid sé ag tú ? sé an fear chun a dligheadh. D'fhostóidh an fear dlightheoir agus d'innis sé dó mar a tharluigh. Bhal arsan dlightheoir níl dóigh ar bith le fághail reidhthigthe ach seo. Gearr an mhuc ina dhá leath cothrom agus tabhair ceann aca damh. Annsin thig leath a rádh nach bhfuil comh beag as unsa de'n mhuc agat as a tá agam. Nuair a chuaidh sé isteach na cúírte mhionnuigh sé nach rabh comh beag is unsa de'n mhuc aige ná bhí ag an dlightheoir sin thall. Bhal arsan ghiustais níl cuid ar bith ag an duine bhreagh sin. Mhionnuigh an dlightheoir go rabh sé sin fíor agus fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Róise Ní Chíonaoith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Uí Bhradáin, Co. Dhún na nGall