Scoil: An Chill, Dúngarbhán (uimhir rolla 630 or 16748)

Suíomh:
An Chill, Co. Phort Láirge
Múinteoir:
Tomás Breathnach
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0650, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0650, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Chill, Dúngarbhán
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Faithcín .i. Baile Ristín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timpeall míle go leith ar an dtaobh thiar den Chill tá Faithcín no Baile Ristín. Láimh le Bun Machan i ngleanntán uaigneach atá an áit. Tá séipéil beag ann agus reilig. Tá sruthán ag rith tríd an glenntán idir an séipéil agus ionad ne sean mainistreach.
    Ba mhór le rá an mhainistir sei in alladh agus go leor manach innte. Tá sé ráite gur aistrig an mainistir agus an roildh dá leonta féin treasna an tsruthán oíche áirithe. Deirtear gur chuireadh Protastúnach i reilig na mainistreach agus nár thaithnigh san leis na manaig. An maidin a bhí ina gceann tháinigh iongha agus allta otha nuair fuaireadar iad féin, an mhainistir agus an roildh ar an dtaobh eile den sruthán agus uagh an Protastúnaigh ins aonar san áit inar chuireadh é.
    Deir daoine eile go raibh an talamh ar an dtaobh eile ró-fhluich chun curadóireachta agus go mbíodh an mainistir láimh le bheith báidhte le linn thuille agus gurab é sin an cúis gur aistrigheadar.
    Tamall ina dhiaidh sin tháinigh oireamh chun páirc na mainistreach a threabhadh. Sul a raibh deire leis an obair aige thit ne cpaill maol-marbh fén gceachta agus b'éigin do casadh abhaile gan a thuilleadh a dhéanamh. Deirtear leis go raibh sé ina mhairtineach, ón lá san go bhfuair sé bás.
    Tamall ina dhiaidh sin cuireadh prátaí sa pháirc céanna. Beirbhigheadh cuid aca. Togadh an ceann den corcán ach ní raibh dada istigh ann ach cubar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Baile Ghristín, Co. Phort Láirge
    Bailitheoir
    Tomás Mac Craith
    Inscne
    Fireann