Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- Suíomh:
- An Ghráinsigh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Deaglán Ó Cuilliú
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Ghráinseach, Eóchaill
- XML Leathanach 441
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé scréach. Do fhéach sé timpeall agus chonaic sé bhean amuigh ag an doras. Budh í sin a bhíodh á dhéanamh na bpisóg.
Dúirt sí ansan ná déanfadh sé a thuille iad. - Bhí fear ann fadó agus chuaidh sé ar teachtaireacht oíche. Bhí sé an-déanach nuair a bhí sé ag teacht abhaile.
Chuaidh sé treasna na páirce agus nuair a bhí sé ag dul thar an gclaidhe chonaic sé bean agus bairlín bán uirthi. D'fhiafraigh an bhean de an raghadh sé ag rinnce léí.
Dúirt an fear go raghadh. Thosnuigheadar ag rinnce agus bhíodar ag dul comh mear san gur thit an bairlín di. Dúirt sí leis an bhfear annsan gur é sin bairlín a ghoid sí agus ná fuighbheadh sé dul go dtí na Flaithais go dtí go mbeadh an bairlín imithe di.
Dúirt sí leis an bhfear gurbhé é féin an fear ab fhearr a tháinigh annsan fós agus ná feicóchadh sé í féin go deo arís.- Bailitheoir
- Seumas Moinbhíal
- Inscne
- Fireann