Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Cuileann
- XML Leathanach 222
- XML “Cúl na Beinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dhá dtuibharthá bean is dhá chéad bó dhom,Acra móinfhéar i n-aghaidh gach cinn,A bhfuil de bháid is d'eangacha ar feadh Chrích' Fódhla,Saidhbhreas Sheoirse is fághaim é cruinn,Bh'fhearr liom acra de'n bhogach bháidhte,Atá idir an Máimín is Innse an Draighin,Cead rinnce le cailíní lá saoire is Domhnaigh,Ag ceanntar na mbóithre úd Cúl na Beinn".
Dhá mbeadh a fhíos ag na "Cruaidh-Fhir" atá ar thaoibh Ghleann' Néifin,Go bhfuil mise in m'éanrachán is' mo luighe go tinn,Thiocfadh gan spás ar bhith faoi mo dhéin-sa, le eachraidhe gléagéal is cóiste cinn;Gléasfaidhe bainfheis fleadh's féasta, Siams' is pléisiúr is togha gach ceóil,Bhead dhá chéad fear aca ar meisge i n-éinfheacht, Ag teach Tom Daly i gCúl na Beinn".
Tá litir sgríobhtha agam anois faoi shéaladh,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Proinnsias Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Bhairéad
- Gaol
- Ní fios
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)