Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 196

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 196

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 196
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Is buachaill mise de shiolradh gaedhil,

    Is buachaill mise de shíolradh Gaedhil
    Sa uaisle an tighe éistigh lem sgéul
    An feas díobh cá bhfuil an t-athair Pól
    Ba mhaith liom labhairt le sagart go fóill.
    Tá an sagart sa mbaile a bhuachaill óig.
    Ní deacair labhairt leis an athair Póil.
    Acht béidh ort fanacht feadh tamaill bhig
    Go dtéighidh chun an sagart isteach sa tighe
    San halla uaighneach tá an buachaill óg
    Ní cloistear fuaim acht fuaim a bhróg,
    San halla fuarach ar uair mo chionn,
    An sagart uasal shuas na shuidhe,
    Síos ar a ghlúnaibh go h-umhail s'eadh théighinn
    Is guidhfinn go dúthracht chun chúirte Dé,
    An méidh chulpa tá lámh ar ucht
    Is ríobfainn a chionnta fá lán neart tocht
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Chearáin
    Inscne
    Baineann