Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)

Suíomh:
Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Máire Ní Loinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 186

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0132, Leathanach 186

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann Cuileann
  2. XML Leathanach 186
  3. XML “Cnoc an Logha”
  4. XML “Caisleán Dhúin Átha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    séipéil ann agus deirtear gur tóigeadh é oidhche amháin idir clochaib agus eile agus gur athruigheadh ó go Cill tSeine timcheall dhá mhíle bealaige. Is i gCill-tSeine atá an roilig 'na bhfuil muintear an pharóiste curtha.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Is féidir an caisleán seo a fheiceál treasna an chuain ó'n taobh eile de'n pharóisde. Rinneadh na Normánaigh é agus sa troid a thárla d'eirigh le Gráinne Uí Mháille é a bhainnt díobhtha. Mhair sí ann annsin ar feadh a shaoghal. Thainig roinnt de loingis an "Armáda" isteach annseo agus ghoid sí a raibh de fíon agus eile ar bórd agus níor thaisbeán sí trócaire ar bith de na fearaibh. Bad' mhór an aighneamh 'ar a h-ainm an gníomh seo. Bhí bealach faoi uisge i bhfad amach fáin bhfairrge agus chuirfeadh sí gach rud i bhfolach ann seo.
    (Fuaireas an t-eolas seo faoi Ghráinne ó mhuinteóir ( Bean Uí Ghúnáin) a bhí i-nDubh thuama. Tá sí marbh anois.)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    2. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Ghúnáin
    Inscne
    Baineann