Scoil: Gleann Cuileann (uimhir rolla 13331)
- Suíomh:
- Gleann Chuilinn Íochtarach, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máire Ní Loinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí LOCH na CEATHRAMHAIN MÓIRE ar cheann de na seacht lochaí a bhí i n-Éirinn nuair tháinig muintear Phartholáin.Bhíodh ba bainne ar féarach i mBuailidh (?) ar feadh an t-Samhraidh. Na daoine ar leo iad fadadh siad annsin ag tabhairt aire de na ba agus ag déanamh ime. Choinnigheadh siad an t-im san talamh ar feadh an t-Samhraidh agus bhéaradh siad abhaile é i dtús an Gheimhridh.
HEIFER'S GAPUaír amháin bhí bean ag bleághan bó thug an bhó cic di. Chuir an bhean mallacht leis an mbuin. Thosuigh an bhó ag géimnigh agus ghlaoidh sí ar a cine féin. Tháinig siad ó gach áird le cabhair uirthí. As go bráthach leo ar aghaidh an chnuic (?) agus thugadar píosa mór de'n talamh leobhtha agus rinneadh cnoc de agus tugadh an t-ainm sin Táin-Garbh air ó shoin i leith.
CLUAINTECILLETá bealach faoi thalamh timcheall leath-mhíle i gCluainticille. Tosuigheann sé shuas ar na sléibhtibh. Chuaidh Pádraig Ó Gabhain (?) céad troigh isteach ann le dénaighe. Níor fhéad sé a dhul isteach níos fuide(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Mhurchadha
- Inscne
- Baineann