Scoil: Ceathrú Thaidhg
- Suíomh:
- Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádraig Mag Shamhráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fóill. Chuaidh cuid de Mhuinntir Bhurnaigh na háite seo go Meiricea.Bhí ainm na Féile ortha. Bhí said go h-an mhaith do na boicht agus i mbliain an droch-shaoghail thug fear acu uaidh gach dha raibh aige - go (?) an tsíl choirce a bhí aige le cur sa talamh . Thug sé do na boicht é agus nuair a thainic aimsir na curaidheachta ní raibh aon choirce aige fhéin le cur, agus dubhairt a bhean leis lóchán an choirce a chraitheadh agus go mb'fhéidir le congnamh Dé go bhfásfadh sé. D'fhás toradh coirce ar an lóchán níos féarr ná d'fhás sa tír seo ariamh ó shoin.Scoláirí maithe a b'eadh na Burnaigh gach lá riamh. Bhí duine acu ana shnámhaidhe mhaith. Lá bhí currach ag teacht aníos an Bharra (?) agus bhí sé 'g ionnsuí (?) báidhte nuair a thug an fear seo a bheithideach leis agus ghread sé amach sa bhfairrge é go dtí an currach agus thug sé iseach iad slán sábháilte.
- Faisnéiseoir
- Sean P. Burnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 42
- Seoladh
- Ceathrú na gCloch, Co. Mhaigh Eo