Scoil: Ceathrú Thaidhg

Suíomh:
Ceathrú Thaidhg, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Mag Shamhráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 262

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0131, Leathanach 262

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú Thaidhg
  2. XML Leathanach 262
  3. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bhfuil císte óir i bhfolach faoi choirnéal theach Mhichil Uí Dhochartaigh i bPort-an-Chlumhaigh. Nil fhios ag innsightheoir an sgéil seo cé chur ann é, ach is docha gurb' iad na lochlannaigh no na "creachadoiri mara" a bhí ag creachadh na tíre fado a chur annsin é, mar tá an teach a bhfuil an t-ór faoi comhgarach do'n fhairrge.
    Tá péiste an-mhór ag gárdáil an chíste deirtear, agus ní bhaithfidh uisge ar bith í ach uisge abhainne atá in a teorainn idir dhá Bhaile Fearainn. Tá an abhainn ata in a teorainn idir Port-an-Chlúmhaigh agus Ceathrú-na-gCloch timcheall sé chéad slat on áit a bhfuil an t-ór seo.
    Seo é an chaoi a deirtear is féidir an t-ór seo fhágail. Caithfidh tú poll a chartughadh síos domhain sa talamh agus tiocfaidh tú go dtí leac mhór. Is annsin atá an pheiste ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dochartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Port an Chlóidh, Co. Mhaigh Eo