Scoil: Clún na Gaoithe (uimhir rolla 8740)

Suíomh:
Cluain Gaoith, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádraig Ó Héaráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 324

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0125, Leathanach 324

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clún na Gaoithe
  2. XML Leathanach 324
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Má bhíonn ceo trom ann i mí Lughnasa ar maidin cuireann sé i niúl go bhfuil báisteach le teacht.
    Má bhíonn mí Lughnasa go breagh tirm cuireann sé i niúl go mbeidh sneachta againn san ngeimhreadh.
    Má bhíonn cóta trom fionnadh ar an ngirrfhiadh i nDeire Fógmhair beidh geimhreadh fuar againn.
    Má bhíonn na sionnaigh ag tafann go minic i nDeire Fóghmhair beidh sneachta trom againn.
    Nuair a bhíos na héanlaith agus an bhroc reamhar i ndeire fóghmhair beidh geimhreadh fuar againn.
    Má tá an ghrian dearg ag dul faoi dí beidh tréimhse breagh againn, acht má tá sí bán beidh báisteach againn.
    Má dhéanann bus nó traen torann uathbhásach ag dul thar dhroichead beidh aimsir bhreagh againn.
    Nuair a bhíos Cruach Phádhraig go soiléar sin comhartha go seasfaidh an aimsir.
    Sí an ghaoth aniar nó aniar ndeas is mó a bheareas báisteach lei.
    Má shoillsigheann an ghrian go moch ar maidin sin comhartha nach seasfaidh an lá.
    Má tá ceo ar bhruach na habhann sin comhartha go mbeidh tréimhse breagh againn.
    Má luigheann cat amuigh sa ngréin i mí feabhra beidh mí i a dhiaidh si fuar.
    Má bhíonn na cuileóga tuigh um thrathnóna ní fada uainn an bháisteach.
    Má bhíonn na siongáin nimhneach sin comhartha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge