Scoil: The Neale (B.)
- Suíomh:
- An Éill, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Tomás Mac an Bháird
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: The Neale (B.)
- XML Leathanach 134
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na caiple isteach. Bhí an páirc líonta le caiple, agus bhí scréachail agus sgreadail agus caoineadh ag an ngeata agus bhí na caiple ag troid agus ag gathrann le na céile. Bhí ceol ann freisin agus dubhairt Dómhnaill comh maith is ta do cheol-sa is fear a rachadh mo dinnear dom-sa. Chuaidh sé píosa eile annsin agus tháinig se go dtí an dara geata. Nuair a bhuail na caiple a gceann in aghaidh an geata d'ogail sé agus bhí ceol ann, mar an gcéadh geata acht ní raibh an oiread caoineadh ann. Bhí go leó caiple istigh idir sean agus óg agus bhíodar ag troid le na chéile ach ní raibh siad chomh dona lies na caiple a bhí ag an gcéad geata. Dubhairt Dómhnaill chomh maith is tá do ceol agus do chaoineadh is fearr a racadh mo dhinnéar dom-sa. Lean sé leis na caiple uair eile agus i lár an lae, tháinig, se go dtí an tríomhadh geata. BHuail na caiple a gceann in aghaidh an geata agus d'fosgail(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Mrs Fox
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Leacán, Co. Mhaigh Eo