Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is aoibhne duit-se é, in do bhothán ná don tighearna talmhan i n-a chaisleán". Casadh an Búrcach leis taobh amuigh agus dubhairt sé leis nach múchfadh sé teine i n-a eastát go deo arís. Níl duine de lucht an Bhurcaigh i sean bhaile anois timcheall an ama seo. Bhí beirt sagart i mBaile an Mhuilinn. Tháinig easaontas éicint eatorra agus ba droch cháirde iad. Faoi deire d'eirigh duine aca tinn agus chuir sé fios ar an duine eile a theacht agus na sacramuint deire a thabhairt dó acht níor tháinig sé agus fuair an sagart bocht bás gan an ola dheidheanach. Tamall beag i n-a dhiaidh sin chuala an sagart torann aisteach sa séipéal. Aon oidhche amháin nuair a bhí an torann ann chuaidh sé isteach agus d'fhiafruigh sé cé bhí ag deanamh an torainn. D'freagair an sagart a bhí básuighthe é agus d'iarr sé air Aifreann a rádh dhó agus go(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brígid Ní Fhlanagan
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Faisnéiseoir
- Sean P. Ó Flannagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo