Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)

Suíomh:
Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
Múinteoir:
Pádhraic Ó Reachtagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0097, Leathanach 667

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0097, Leathanach 667

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
  2. XML Leathanach 667
  3. XML “Liam na Lasóige nó An Sop Reatha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gabha ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Aon lá amháin agus é ag obair in-a cheardchain tháinig an deabhal chuige agus dubhairt sé leis go dtuibhradh sé saidhbhreas dó acht a theacht leis i gcionn seacht mbliadhain. Do ghéill an gabha agus d'eirig sé an-saidhbhir. Ansin tháinig Aingeal chuige agus thug sé trí guidhe dó. Seo é an chéad ceann. Gan duine ar bith a bheith in ann a sparán a fhosgailt acht é fhéin. An dara ceann Duine ar bith a suidhfeadh i n-a chathaoir go mbheadh sé greamaighthe dí agus an treas ceann duine ar bith a thogfadh an t-ord i n-a láimh nach mbéadh sé i n-ainm é a chaitheadh uaidh acht ar mhian an ghabhann. Tá siad geallta arsan t-aingeal acht níor iarr tú ar neamh agus ní ghabhfaidh tú ann go brách. Bhí sé an-siadhbhir agus i ndeireadh na seacht mbliadhan tháinig an diabhal chuige agus d'iarr sé air a dhul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Liam na Sop (~74)
    Innéacs seanscéalta
    AT0330A: The Smith and the Devil (Death)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brigíd Ní Fhlannagáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Seanbhaile Bocht, Co. Mhaigh Eo
    Faisnéiseoir
    Seán P. Ó Flannagáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Seanbhaile Bocht, Co. Mhaigh Eo