Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine) (uimhir rolla 16019)
- Suíomh:
- Cill Mhiáin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Pádhraic Ó Reachtagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Bheidhin (Kilvine)
- XML Leathanach 683
- XML “An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus Figheadóir a b'eadh é. Bhí sé ag obair chomh chruaidh sin gur thosuigh a lorgnaí ag cur fola. Lá te amháin tháinig na milte mioltóg ar a lorgnaí. Bhuail sé iad le n-a láimh agus mharbhuigh sé cuid maith díobh. I n-a dhiaidh sin ní raibh se i n-ann a thuilleadh oibre a dhéanamh. Annsin chroch sé fógra thart ar a mhuinnéal agus sgriobhtha air "An fear a mharbhuigh na céadta fathach " D'fhág sé a theach agus d'imthigh sé leis ag lorg a fhortúin. Tháinig sé chomh fada le fear saidhbhir a bhí ag tógáil caisleáin. Dubhairt an fear seo go raibh go leor saor aige agus an méid a thóg siad ar feadh an lae tháinig fathaigh san oidhche agus leag siad é. "Féach annseo" arsan figheadóir ag teasbáint an fógra dó. "Do mharbhuigh mise os cionn céad fathach agus má thugann tú céad punt dom béarfaidh mé aire do do chaisleán agus chifeadh nach ndéanfar aon díoghbháil do." D'aontuigh an fear saidhbhir leis. Bhí crann i n-aice an chaisleáin agus le tuitim na h-oidhche líon(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Mhichíll
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Donnchadha Ó Michíll
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe