Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Teach Chaoin (B.)
- XML Leathanach 184
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)165 Níl sa tsaoghal seo acht ceo.
166 Ceirbhe duine a thiocas as, ní thíocfaidh fear na h-eidirsgáin.
167 Níor druid Dia beárna nach bhfosglóchadh sé ceann eile.
168 Ní thig leath d’arán a bheith agat agus é a ithe.
169 Ní uabhair uaisleacht.
170 Ní rún é ó tá fhios ag triur é.
171 Olc maghaidh maitheasa.
172 Olc síon nach maith d’aon.
173 Rígh mí-fhoghlumtha asal corónta.
174 Saint bun gach uilc.
175 Seachain clúnaidhe cladhaire.
176 Searbh arán ithtear.
177 Scaitheann fíon fírinne.
178 Sionach i gcroiceann an uain.
179 Sona dáil grianda.
180 Tá fáth le gach rud.
181 Táirngne i mbeo.
182 Tig iomchur le foghluim.
183 Tagann an ghrian i ndiaidh
184 Tús maith leath na h-oibre.
185 Gach uile dhuine is a mhian féin aige.186 Tosach luinge clár,
Tosach áit clochadh,
Tosach flatha failte,
Tosach sláinte codhladh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann