Imleabhar: CBÉ 0312
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Imí’ as baile," adeir sé "bhí cóithrín agam," adeir sé,
"agus bhí eochair á’m le n’aghaidh, agus cháill mé an
eochair agam agus insin cheanna mé eochair nua.
Agus anois aríst," adeir sé, "fuair mé a tsean-
eochair a cháill me."Cé acab," adeir sé, "meas
tú, cé acab eochair is feárr ’om a choinneál
anois?"
"A," adeir na ríte, "coinni an tsean-eochair."
"Well más mar sin é," adeir sé, "seo í anois
an bhean a shábháil mise."
Agus labhair athair ná mrá óige seo leis agus
shocruigh siad an sgéal, agus d’íoc chaon nduine acab,
mar déarthá, leath a ru caithte leis a’ gcleamh-
nas. Agus phósadar insin - mac rí nÉirinn agus
iníon S. na F. L. Agus bhí banais naoi n-oíche
agus naoi lá acab agus b’fheárr an oíche dheir-
eannach ná an chéad oíche. Agus ní bhfuair
mise aon bhlas uathab ach bróga páipéir agus
stocaí bainne reamhair!