(ar lean ón leathanach roimhe)
chuimhnighim air."
Chuir sí a lámh i n-a póca insin agus tharr-
ain sí amach agus chath sí chúig ghráinne ar a’
mbourd. Agus sgiob an coileach trí ghráinne;
níor fhága sé ag a’ gcearc ach dhá ghráinne.
"Níor cheart duit sin a dhiana," adeir a’ chirc,
adeir sí, "an cuimhneach leat," adeir sí, "nuair a
chuir m’athair tusa a’ carta an tsean-chuisleáin?"
"Ní chuimhnighim air," adeir a’ coileach, "is cuma
liom," adeir sé, "á gcuimhnighinn héin."
Chuir sí a lámh i n-a póca agus tharrain sí
amach seacht ngráinne agus chath sí ar a’ mbourd
iad. Agus sgiob a’ coileach cheithre ghráinne;
níor fhága sé ag a’ gcirc ach trí ghráinne.
"A, níor cheart duit sin a dhiana," adeir a’
chearc, adeir sí, "a’ cuímhneach leat," adeir sí, "nuair a
mhara mise m’athair héin mar gheáll ort-
sa - nuair a chath mé an ubh leis," adeir sí,
"nuair a bhí an craithe ar do láimh?"
"Á, tigim (tuigim) anois," adeir mac an rí,
"tigim anois go math!" adeir sé. "Anois a mhór-
uaisle agus a ríte," adeir sé, "nuair a bhí mise
(leanann ar an chéad leathanach eile)
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.