Imleabhar: CBÉ 0312

Dáta
1937
Bailitheoir
Suíomhanna
Brabhsáil
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0451

Tagairt chartlainne

An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0312, Leathanach 0451

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Imí’ as baile," adeir sé "bhí cóithrín agam," adeir sé,
    "agus bhí eochair á’m le n’aghaidh, agus cháill mé an
    eochair agam agus insin cheanna mé eochair nua.
    Agus anois aríst," adeir sé, "fuair mé a tsean-
    eochair a cháill me."Cé acab," adeir sé, "meas
    tú, cé acab eochair is feárr ’om a choinneál
    anois?"
    "A," adeir na ríte, "coinni an tsean-eochair."
    "Well más mar sin é," adeir sé, "seo í anois
    an bhean a shábháil mise."
    Agus labhair athair ná mrá óige seo leis agus
    shocruigh siad an sgéal, agus d’íoc chaon nduine acab,
    mar déarthá, leath a ru caithte leis a’ gcleamh-
    nas. Agus phósadar insin - mac rí nÉirinn agus
    iníon S. na F. L. Agus bhí banais naoi n-oíche
    agus naoi lá acab agus b’fheárr an oíche dheir-
    eannach ná an chéad oíche. Agus ní bhfuair
    mise aon bhlas uathab ach bróga páipéir agus
    stocaí bainne reamhair!
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Dáta
    3 March 1937–4 March 1937
    Cineál míre
    Seanchas
    Innéacs seanscéalta
    AT0302: The Ogre's (Devil's) Heart in the Egg
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Irish
    Modh scríbhneoireachta
    Lámhscríofa
    Script scríbhneoireachta
    Cló Gaelach
    Faisnéiseoir