sé a chuid earraí lárnamháireach agus ní ru sé i
n-ann a theacht abhaile bhí an lá cho ciúin sin.
Bhí sé ’spaisteóireacht fuid a’ bhaile mhóir, bhí
sé ’breathnú isteach thríd na fuinneóga agus a’
breathnú ar chuile áit. Ach bhí siopa mór ann
agus bhí sé a’ breathnú isteach thríd a’ bhfuinneóg
agus hainic (chonnaic) sé go leór rudaí -
earraí - isteach thríd a’ bhfuinneóg.
"Is dóch," adeir sé leis héin, "go bhfuil a'
diabhal craic* (?) ar a’ méid athá istigh agus a’
méid fheicim thríd a’ bhfuinneóg."
Ach bhuail sé isteach agus bhí sé a’ breath-
nú thimpull air agus hainic fear a’ tsiopa é.
Labhair fear a’ tsiopa leis agus d’fhiara se dhó
an aon cheó a bhí uaidh agus dúirt fear a’ bháid
gur b’eadh ach go ru faitíos air ná ru a leith-
eid ’o rud aige. Chuir sé rud beag olc ar
fhear a’ tsiopa agus dúirt fear a’
tsiopa do gcuirfeach sé punt leis rud a’
bith a bheach ó fhear go ru sé sa siopa, agus
chuir fear a’ bháid punt leis nach ru.
Leag siad amach dhá phunt i lámh fear a bhí
* Probably "craithte". I have often heard the expression "tá an
Diabhal craithte anuas air" e.g. "Tá an D. craithte anuas air le
canntal, ól", etc. i.e tá sé an-dona ar fad - C. B.