School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 6
- XML “Oíche Shamhna”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag na daoine an oidhche sin. Bíonn ubhlaí, oraistí crónaí agus chuid mhór rudaí eile acu fosta.
- Sgéal.
Bhí sean lanamhain ann uair amháin darb’ ainm Máire agus Micheal. Ní rabh acu acht bó amháin bainne acht bó an mhaith a bhí inntí mar go dtabhairfeadh sí chuid mhór bainne daobhtha achán lá. Oidhche amháin dubhairt Máire le Michéal go rabh an bho ag éirghe beag sa bhainne acht sin a rabh de. Bhíodh braon maith aici ar maidín ach ní rabh mórán aicí san oidhche. Dubhairt Micheal leis a bhean cibe bhí teacht ar an bhó gur amuigh a bhí sé ag teacht uirtí agus go rabh séisean ag gabhail amach lá thar na bharach agus go gcoinneochadh sé a shúil uirthí. D’éirigh Micheal bocht go luath lá thar na bharach agus ar shiubhal leis go dtí an cnóch. Bhí go maith a’s ní rabh go h-olc nuair a tháinig an bho fhád le ardán mór a bhí sa cnóch thug sí trí léim agus d’fosgail an t-ardán agus chuaidh an bho isteach. Bhí Michéal bocht amuigh agus é ag caitheamh a phíopa. Fa ceann tamaill tháinig an bhó amach arais agus thiomain Michéal abhaile í.
Ní rabh mórán bainne ag an bhó an oidhche sin acht oiread agus arsa Michéal, “Bhal(continues on next page)- Collector
- Maighread Breathnach
- Gender
- Female
- Informant
- Gráinne Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Clochán Liath, Co. Donegal