School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 37
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a tháinig an mhaidín, gléas siad cóiste ceithre ngearrán. D’imthigh siad uilig ag tarraingt ar theach na báintreabhaighe gur thug siad leobhtha an ingean, an baintreabhach agus a triúr cloinne-sa arais ‘na bhaile.
Ní nach h-iongnadh bhí an -ollgháirdeachas sa chaisleán nuair a fuair siad a ingean ‘na bhaile slán sábhailte. Choingbuigh siad an bhaintreabhach agus a clann annsin ó sin amach mar a gclann fhéin.
An t-am a bhéadh an lánamhain bliadhain pósta. Tháinig an fealltóir arais -ag cuir i gcéill gur ba Mac Ríogh an Domhain Thoir a bhí ann i dtólamh. D’fiafruigh an Rí de cá rabh a ingean ‘s aige nuair nach rabh sí leis. Dubhairt sé nach dtiocfadh léithí ‘ teacht anois, nó go rabh sí sa bhaile indiaidh clann óg a bheith aici, acht go dtiocfadh sí arais am éighinteacht eile. Ba mhaith an mhaise duithe-se-tháinig sí anuas ar dhoras an t-seomra, chonnaic sé í, tharraing an Rí a chlaidheamh, agus bhain sé an ceann de.- Collector
- Anna Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Nora Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal