School: Árd Cróna
- Location:
- Anagaire, Co. Donegal
- Teacher: Éamonn Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Árd Cróna
- XML Page 36
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go leór. Fuair sí an créatúir tarnocht, agus í istoigh faoi’n leic ag saothruighadh an bháis. Thóg siad aníos í, chuir an bhaintreabhach chuid d’á cuid cirteach féin uirthí, agus thug siad leobhtha ‘na bothóige í.
Nuair a tháinig sí chuicí fhéin, d’fiafruigh sí do’n bhaintreabhach an leigfeadh sí do n-a mac a dhul le leitir duithe-se go caisleán an Ríog, go rabh an casán fada, agus go gcaithfeadh sé a bheith annsin róimh a’ trí, nó go ndruidtear geaftaí an chaisleáin ar a trí ó’chlog gach lá. Dubhairt sise go leigfeadh cinnte, agus in am ghearr d’imthigh an gasúr ag tarraingt ar an chaisleán, agus ba mhaith an maise dó bhí sé annsin i dtráthaibh an trí. D’fhan sé ag an gheafta ar feadh tamaill agus ní rabh sé i bhfad go dtáinig an gárda leis an gheafta a dhruid agus a chuir faoi ghlas. “Seo chugat leitir fa choinne an Ríogh” ars an gasúr, “agus h-iarradh ormsa gan imtheacht go bhfeicinn an (righ) rí.” D’imthigh an gárda isteach leis an leitir agus in am ghoirid thainig an Rí agus an bhainríoghán amach, agus thug isteach an gasúr agus choingbhuigh go maidín é.(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Informant
- Nora Bean Uí Bhranainn
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Bean feirmeora
- Address
- An Grial, Co. Donegal