School: An Mhainistir (roll number 13130)
- Location:
- Bun an Churraigh, Co. Mayo
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nua
Nuair atá na dorais sáthach árd cuireann sé "cloch árd dorais" os a hcionn. Os cionn na fuinnéoga cuireann sé cloch mhór fada mar an "cloch árd dorais" ar a tugtar "cloch fuinneoige"
Fágann an saor-cloiche áit dá shimiléir ins na ballaí freisin. Bíonn an similéirí déanta ins na binn. Nuair atá na similéirí ceithre troigh no mar sin in aoirde cuireann se cloch mór fhada treasna ar an t-similéir. Os cionn an cloch mhór fhada seo tógann sé an bhalla agus do réir a cheile bíonn sé ag deanamh an t-similéir ni ba cuana agus nuair a shroicheann an t similéir bárr an tighe bionn sé chomh cuan "le sgloig buiéail."
Nuair atá an balla sáthach árd cuireann sé an adhmaid suas. Sul a gcuireann sé suas an t-adhmaid cuireann sé lan clocha briste ar a tugtar "spalaí" agus moirtéal freisin ar bárr an bhall sa g caoi go mbeidh an halla comhthrom chun an adhmaid a chur suas.
Síos ó'n similéar bhíodh balla beag ceangailte leis an(continues on next page)- Collector
- Tómas Mac Fionnachtaigh
- Gender
- Male
- Informant
- Gráinne Ní Fionnachtaigh
- Gender
- Female
- Age
- 96