Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé síos. Chas sé fhéin agus an diabhal ar a chéile agus shocruigh siad go n-imreochadh siad leath ifrionn agus ghnothuigh sé leath ifrionn ar an diabhal. Ó arsa an diabhal caithfidh tú imtheacht. Ní imtheochad arsa Seán. Dubhairt an diabhal leis ná searabhántaí breith air agus é chaitheamh amach agus rugadar air agus chaith siad amach taobh amuigh don doras é. Annsin d'imtigh Seán leis suas go dtí na Flathais agus bhí an t-aingeal ann roimhe agus dubhairt Sean leis é leigeann isteach. Dubhairt an t-aingeal "Tabhair na cártaí don fear atá taobh thiar díot arsa an t-aingeal.["] Tug Sean na cártaí dó agus d'imthigh sé isteach.
- Bailitheoir
- Liam Ó Droighneáin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 22
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. Galway