School: Cluain an Droma, Mullach (roll number 5267)

Location:
Cloonadrum, Co. Clare
Teacher:
Brian Ó Huiginn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 241

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0624, Page 241

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cluain an Droma, Mullach
  2. XML Page 241
  3. XML “Scéal Chill Stiofáin (nó Cill Stoithín)”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    San céadna tháinig lucht chreiche agus foghla a dtuaidh a dhein slad agus goid agus fuadach ar eallach is ar mhaoin an trír ar Cheann Léime. Triúr dearbhráthar ó Thuaisceart an Chláir do bhí ionnta, Ceannúir go raibh caisleán aige i Lios Ceannúir, Stiothín go raibh oileán draoidheachta aige i mBádh Lios Ceannúir agus Riadhán an dearbrathair ab óige. Chomáin siad leo andeas ó Ceann Léime go na tréada a bhí fuadaighthe nó gur cuireadh an tóir ortha andeas ag triúr dearbráthair na Mná - an t-Aon Bhean. Thánadar suas leo ag an Mágh atá taobh theas le Leacht Uí Concubhair agus bhí sé go trom is go tuirseach aca annsan go ceann dhá lá nó gur marbuigheadh Ceannúir agus Ruadhan agus do theith Stiothín len 'anam isteach san oileán agus d'islig sé fén bhfairrge len a chomhact draoidheachta é. Ach chaill sé eocar na cathrach san éirleach agus ní féidir leis an t-oileán do thabhairt aníos anois ach uair gach seacht mbliadain san seachtmhadh uair den seactmhadh lá den seactmhadh mhí. Ní gach aoinne a chifidh é ach an té a dheineann beidh sé curtha 'dtaobh istigh de seacht mbliadhain. Deir sceal amháin gur in uaig Chonáin Maoil ar mullach Sliabh Callán atá an t-eochar. Deineadh tochailt annsin féin sabhl 1905 agus ní bhfuaireadh dada.
    Maidir leis an cuid eile den scéal nuair d'fill an triur ar Cheann Léime fuaireadar radharc
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1889H: Submarine Otherworld
    Language
    Irish
    Collector
    Brian S. Ó h-Uiginn
    Gender
    Male
    Occupation
    Múinteoir
    Address
    Lehinch, Co. Clare
    Informant
    Mathghamhain Mac Raghnaill
    Gender
    Male
    Age
    75
    Address
    Lehinch, Co. Clare