School: Cluain an Droma, Mullach (roll number 5267)
- Location:
- Cloonadrum, Co. Clare
- Teacher: Brian Ó Huiginn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fuaireas an scéal seo cúpla bliadain oshoin ó Mathgamhan Mac Raghnaill fear in aois a 75 bl. nách maireann fé láthair ach ag a raibh moráin bealoideasa mór mhór sean scéalta. Tógadh é sa mBaile Beag láimh le leacht Uí Chonchubhair agus bhí teacht aige ar mhórán de sean laimh-scríbhinnibh an Chruitínig, file agus muinnteóir cois claidhe, do chuireadh fé 'na thig san am atá caithte. Scéal é seo faoi oilean draoidheachta a deirtear fós imeasc muinntir na háite go dtagann sé aníos as an bhfairrge in aghaidh gac seacht mbliadhain. Tá cur síos air i sean láimh scribhinn de chuid manaig éigin i gConndae Mhuigeo. Deir an tagairt sin atá le fághail i " Westropp's Antiquarian Survey of Clare " " High the billows roll o'er lost Cillstefeán
Its palaces and towers of pride
All buried in the rushing tide
And the deep sea green. "Dréir bealoideas na h-áite tá an oileán suidthe i mBádh Lios Ceannúir idir Ceann Caillighe agus Rinn Roinnín ar thaobh Sráid na Cathrach den Leacht. Is cinnte gan ean agó go bhfuil talamh éigin fén bhfairrge annsan mar gur thárla crith talmhan éachtach san áit sin timceall 840 A.D. a bháidh morán agus a dhein trí coda de Oileán na gCaorach ( Mutton Island )Ach cuireann an scéal seo sias morán an am a thárla an bádhadh mar gur in aimsear na Féinne a tharla na néithe seo leanas:-Brian S. O-Uiginn O.S.
as Leacht Uí Concubhair Co. an Cláir
Do scríobh(continues on next page)- Collector
- Brian S. Ó h-Uiginn
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Address
- Lehinch, Co. Clare
- Informant
- Mathghamhain Mac Raghnaill
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Address
- Lehinch, Co. Clare