School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)
- Location:
- Killadysert, Co. Clare
- Teacher: Máire Mac Eochaidh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (5)Tuairim dachad bliadhain o shoin bhíodh long ag taistil o Luimneach go Glascú.Theidheadh sí suas an t-Sionainn thar Chill-an-Dísirt. Go Luimneach gach Ceadaoin ar feadh móraán bliadhain. Ba álainn an radharc í agus bhíodh na daoine go léir ag faire uirthi, ag seóladh go mórdha suas an t-Sionnain.Bhí fear darb- ainm Captaoin Ó Mhathghamhna i gceannas uirthi agus bhí a chlann agus a bhean na gcomhnaidhe in Eas Céitinn Co. Luimnighe. Bhí sé ar tí turas a thabhairt go h-Albain mí na Nodlag agus do cheap sé cuirm a thabhairt dá mhnaoi teacht in éinfeacht leis chun an cathair Glascú d'fheiscint. Bhí áthas uirthi ach dubhairt sí mar mhaghaidh "bhfuil aon eágla go mbáidhfí sinn." D'freagair an captaoin "réabhfas an crann is mó sa choill sul a báidhfear an long seo."Do thugadar an turas treasna na fairrge gan tionóisc. Bhí cailín freastail ar an luing. An chéad uair. Nuair a bhíodar ag teacht abhaile go Luimneach báidheadh an long i gCeann Léime i mbéal na Sionnaine. Ní fuair éinne táisg no tuairisc do na daoine abhí uirthi ón lá sin go dtí an lá atá againn indiú. Is docha gur bhreitheadh na cuirp amach chun fairrge mar breitheadh corp an chailín abhí baidhte i gCill-Caoi anuraidh.