School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 245

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 245

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 245
  3. XML “Longbhriseadh - An Glencoy ó Chill an Dísirt”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darbh ainm 'Biánconí' na chomhnaidhe i Leach na Sionnach tuairim fiche bliadhain o shoin. So shiolruigh sé ó Dhomhnall O Chonaill an fear a fuar 'Fuaiscilt na gCaitliceach' ar son na h-Eireann. O'Connell an t-ainm ceart abí ar an nduine sin ach ar bhás a mhathar (inghean do Bhianconí, an t-eadaileach) do thug sé an t-ainm 'Biánconí' air féin chun an dlighe do shásamh.
    Bhí bád ag Biánconí darbh ainm "an torc" a bhíodh ag taistil idir Cill-an-Dísirt, Cill-Ruis, Carraig na Cobhltaigh agus Cathair Luimnighe. Nuair a briseadh Biánconí dioladh gach rud a raibh aige agus 'na measg "an torc", bhí fonn ar mhuinntear Cill-an-Disirt an bád do dhíol cheannach ach do cheannach muinntear "Glynn" o Chill-Rius é. Ansan thánaig fearg ar dhaoine na Sráide agus do chuireadar an captaoin Lillis (?) go Glascú chun an "Glencoy" do dhíol ann.
    Aon tráthnóna Samhraidh do thánaig an "Glencoy" o Luimnigh go dtí an caladh. Bhí ualach urthi i gcóir Cathair dhá Coun - aol agus adhmad i gcóir masgthóra (?) abhí ag deisighiú tighe i gClifton i gcóir na mbean riaghalta - agus sin é an fáth gur thánaig sí idtír ins an gcaladh inonad teacht idtír ins an gcaoi. Nuair abhí an bád fé réir d'imthigh an captaoin Lillis abhaile i gcóir a dhinnéir go Cill-an-Disirt agus d'fhan na fir 'na dhiaidh ullamhú bidh dóibh féin.
    Tar éis tamail do chuaidh fuireann an bháid fé dhéin
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
        1. shipwrecks (~384)
    Language
    Irish