School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 231
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cúntas ar na leigheasanna do bhíodh i dtoibreacha beannuithe paróiste Cill-an-Dísirt.
    (A) Tá tri tobar bheannuighthe sa pharóiste seo, ceann aca i Leac na Sionnach agus é tugtha do'n Mhaighdin Mhuire, ceann eile i gCró Bhótháin ar a dtugtar Tobar Bhricín agus an tríomhadh ceann i gCúige. Tugtar Tobar Ruadháin ar Thobar Chúige. Níl aon lá féile le Naomh Ruadhán no le Naomh Bricín tugtha no cuimhnighthe ins an bparóiste.

    (1) Tobar na Maighdine Muire i Leac na Sionnach
    Tá an tobar sin suidhte i Leac na Sionnach. Tugann daoine abhíonn ag fuiling ó gach sórt galar - idir galair chuirp agus aigne - cúairt chuige sin ar lorg leigheas. Deireann na daoine turais timcheall an thobair ar Lá Fhéile Muire ( 15adh Lughnasa) ar 8adh mí na Nodlag agus arís ar gach Satharn mí na Bealtaine. Leis na h-ocáidíbh seo tagann daoine ó gach pharóiste sa chomharsanacht chuig an tobar idir fir mná agus páistí. Bíonn siad cosnochtuighthe ceann-nochtuighthe ag deanamh na turas agus an Choróin Mhuire gá radh aca, ós iseal ar feadh an ama sin go léir.
    (?) an aois atá againn id indiú - aois nach bhfuil suim ar mhórán dhaoine ach ar nidhthe a bhaineann le saidhbhreas no le compórd cuirp - Is radharc tréifideachta é bheith ag feacaint ar fhearaibh agus ar mhnaibh 'na bhfuil bláth na h-óige agus an t-sláinte ag deanamh na turas le (?) cráibhtheacht. Cuireann fé cuimhne ar dhuine as scéalta na Naomh in Eirinn.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Informant
    Bean Uí Gharraí
    Gender
    Female
    Age
    45
    Occupation
    Siopadóir
    Address
    Killadysert, Co. Clare