School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 195

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 195

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 195
  3. XML “Tomhaiseanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    22 Cad na thaobh go bpiocann an chearc pota - mar ní féidir e do lighe.
    23 Cad na thaobh go ritheann an chearc treasna an bhóthair - chun dul go dtí an taobh ele.
    24 Cad leis go bhfeiceann tú duine ag ól anairthe - led' shúilibh.
    25 Cathain go mbíonn an long glan - nuair a fhágann sí "an Wash" i Sasana.
    26 Do chuaidheas suas an bóthar agus do tháinig anuas agus do thógas an bóthar ar mo mhuin - dréimire
    27 Bíonn sé fé an teine agus ós cionn na teine ach mar sin féinní láimhsigheann sé an teine in-aon-chor - bollóg aráin dá bhacáil i bpota iarainn inaice na teine.
    28 Cad a dheineann fothrom níos mó ná muc ag béiceadh fé geata - dá muc san áit ceadhna.
    29 Rugadh cúpla i Márta. Bhí a lá beirthe aca i mí aibreáin. Fuair a athair bás nuair a bhíodar óg. Do phós leathchúpla a mháthair - bhíodar beirthe i Márta baile i Sasana ach is i mi aibreáin go rabhadar beirthe. Do fuair a athair bás nuair a bhíodar óg agus do phós a mathair arís. Sagart ba eadh leath-chúpla agus do phós sé a mháthair dona leas-athair.
    30 Cad é an rud a bheireann uisce cé go bhfuil sé lán do phollaibh - ciunnach (?)
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish