School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 180

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 180

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 180
  3. XML “Scéal Grinn - An Uaimh i gCathair Dhá Chon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá áit uaigneach ar an dtráig inaice leis an gclochar ar a dtugtar an Uaimh. Tá faillte árda ann os cionn na fairrge. Thagadh longa móra i dtir ann le cuimhne na ndaoine aosta atá ann anois chun imirceóirí a bhreith thar sáile go tiortha iasachta. Is mó scéal truaighmhéileach a inniseann na sean daoine i dtaobh na h aimsire sin - Éireannaigh ag scaramhaint le cáirde ná feicfidís riamh ar an saoghal seo. Dá bhrigh sin tá baint ag an Uaimh le h Éirinn.
    Tá fothaireacha sean-tighe ar bhárr na bhfaillte anois. Bhí daoine darabh ainm 'Poll' 'na gcomhnaidhe ann fadó agus bhí coilleach mór aca. Longa seóil a bhíodh ar an tSionnain an t-am sin agus b'éigean dóibh fanamhaint ar an dturas ó Chill-Ruis go Luimnigh ó am go ham ag fanamhaint le gaoith fhabharach. Is minic a chuiridís ancóire amach os comhair an tighe seo ar bhárr na bhfaillte
    Aon oidhche bhí long ag teacht abhaile ó Luimnigh go Cill-Ruis agus do chuir sí fúithi i gcóir na h-oidhche ins an áit sin. Uair an mheadhon oidhche bhí an captaoin ar bhórd na luinge ar a shuimhneas ag caitheamh tobac, nuair do chonnaic sé radharc grinn inaice an tighe. Do dhein sluagh daoine ar an dtigh agus comhra gá iomchair aca. Nuair do shroiseadar doras an tighe bhí an coilleach ann rómpa agus do thosnuigh sé ag glaodhach ar árd a chínn. Ar an nóimint d'oscail sé a bhéal do theich daoine na comhrann chomh tapaidh agus bhí sé 'na gcosaibh agus níor stadadar ag rith go rabhadar as radharc an chaptaoin agus d'fhágadar an coilleach i seilbh an tighe
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Tomás Ó Deaghaigh
    Gender
    Male
    Age
    76
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Cahiracon, Co. Clare