School: Cill an Dísirt (C.) (roll number 15302)

Location:
Killadysert, Co. Clare
Teacher:
Máire Mac Eochaidh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 178

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0604, Page 178

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill an Dísirt (C.)
  2. XML Page 178
  3. XML “Scéal Grinn - Na Préacháin i gCathair Dhá Chon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Botháin Dóib Buidhe a bhí mar teampall paróiste i gcill-an-dísirt fadó, san áit ceadna 'na bhfuil an teampall paróiste suidhte anois. Níor ceaduigheadh do na daoine aon teampall níos fearr a thógaint go dtí go bhfuair Domhnall O Conaill saoirse ga na gcaitliceach 1829.
    Bhí tighearna talmhan darbh ainm "Scott" na chomhnaidhe i gcathair dhá conn san mbliadhain 1829. Protastúnach ba eadh é a shiolaigh(?) ó na gallaibh. Bhí crainn mhóra ag rás timcheall a thighe 'na mbíodh na preacháin ag troid agus ag déanamh fothrom ó mhaidean go h-oidhche gan stad beagnach. Do chuir san fearg mhór ar an dtighearna talmhan.
    Aon lá thánaig an sagart paróiste chuige ag iarraidh píosa talmhan i gcóir teampaill. Bhí fonn magaidh ar Scott nuair d'airigh sé an athcuinge, agus dubhairt sé go mbronnfadh sé an talamh ar an bhfear naomhtha ar choingeall go gcuirfeadh sé ruaig ar phreachánaibh as na crannaibh timcheall an thighe.
    "Bhíodh sé 'na mhargaidh" arsa an sagart. Tugadh an talamh. Tógadh an teampall agus ruaigeadh na preacháin ón lá san go dtí 1931 ní raibh tásg ná tuirisc preacháin le feiscint san áit. Tá an tigh anois i seilbh na misnéirí agus deintear clocha de.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Nell Bean Uí Mhaoláin
    Gender
    Female
    Age
    74
    Occupation
    Oibrí tí
    Address
    Shore Park, Co. Clare