Scoil: Cromadh (B.)

Suíomh:
Croom, Co. Limerick
Múinteoir:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0507, Leathanach 097

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0507, Leathanach 097

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromadh (B.)
  2. XML Leathanach 097
  3. XML “An Scoláire Bocht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhfuil thuas á chur síos aige, agus cá a bhfuil thios á chur suas aige" arsa'n sgoláire bocht. "Tá tusa thuas anois is tá mé thios ach tá an roth á chasadh". Nior thug an duine uasal ao' rud do'n ghearóideach a d'imthig leis féin.
    Tháinig sé (an S. b.) go caladh na Gaillimhe mar a raibh long ar ancoireacht, agus d'iarr sé ar chaptaoin na luinge leigint do dul ar seoltoireacht leis. Do leig agus ghluais an gearóideach ar bord na luinge agus culaith nua mairnéalaigh air. Chaith sé fiche bliadhain ar loingseoireacht i gcéin is a gcomhngar gur ghluais sé arais arís go caladh na Gaillimhe ag deire an sgathaimh sin, agus é 'na dhuine uasal shaidhbhir galánta. Nuair a tháinig sé i dtír, sé céad rud a rinne sé ná gluaiseacht leis go teach an Duine uasail a chomhnuigheadh sa chomhursanacht sul ná dfhág sé féin an tír. Tháinig sé go teach an geata, agus bhí sean-duine caithte giobalach ann. D'fhiofruigh an Sgoláire bocht de cá raibh an duine uasal a bhiodh na chomhnuidhe sa teach mhór nó an raibh sé beo ar chur ar bith. D'innis an sean-duine gur bh é féin an duine uasal. "An aithnigheann tu mé" arsa sé leis an Sgoláire bocht. "Ní aithnighim mhuis" arsa'n Sgoláire bocht "go n-abrair liom cé hé tu féin". "Tuigim anois" ars'an sean-duine "a fheabhas is a thuigis céard a bhi Mac Dé ag déanamh an lá úd a d'fhiafruigheas dhiot". "Muis té Sé gha dhéanamh fós" arsa'n sgoláire bocht agus thug sé glac airgid do'n duine bocht agus d'imthigh leis. (An Connachtach Fánach thuas-ráidhte a thug dom an sgéilín sin. Ar Gaedhilg a d'innis sé é agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    An Connachtach Fánach
    Inscne
    Fireann