Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Ballyhooly, Co. Cork
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 331

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 331

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 331
  3. XML “Mhainistir Bhaile an Droichid - Bridgetown”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall trí mhile ar an dtaobh thiar de Bhaile-Atha-h-Ubhla tá fothraca de shean-mhainistír ar bhruach na h-Abhann Móire. Tá sé in aice na h-áite in a ghabhann an Abha Bhéag isteach in san Abhainn Mhóir. An Tighearna Theobald Fitz hugh De Róiste a thóg an mhainistir seó insan triomhadh aois deag. Duine de's na Normánaigh do beadh an tighearna seo. Fuair sé mánaigh ó Chonntae na Midhe cun chomhnaidhe ann.
    Mainistir mór iseadh é agus bhí a lán talmhan ag ghabháil leis ar dhá taobh de'n Abhainn Mhóir. Do bhí dhá dhroichead treasna na h-Abhann Moire. Do bhí an dá dhroichead deanta de adhmuidh mar níl aon rian diobh ann anois. Bhíodh coirce, cruithneacht, agus alán barraí eile acu ag an taobh eile de'n Abainn. An Ghráinseac a tugtar ar an áit sin anois.
    Gach maidin leightí Aifreann i seómra mór. Tar-éis an Aifrinn bhiodh na mánaigh ag múineadh na ndaoine óga mór timcheall na h-áite. Bhíodh cuid de's na mánaigh ag paidireóract agus cuid eile aca ag obair. Bhíodh ceall ag gach mánach cun bheith ag paidireóracht ann. Do bhí túr mór insan mainistír cun íad féin do chosaint ar na namhaidhé. Tá proinnteac mór insan mainistír leis. Tá cloca deasa geartha amach os cionn na ndóirse.
    Nuair a tháinigh saighdiúirí Cromaill do bhí troid eadtortha agus na Manaig. Do bhuaidh Cromail órtha; do léag sé an dá droichead agus cuid de'n mainistir. Do thiomáin sé amach na mánaigh agus do thug sé an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    10
    Seoladh
    Ballyhooly, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Dónal Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)