School: Cnoc na Groighe (B.), Ráth Mhór (roll number 1685)
- Location:
- Knocknagree, Co. Cork
- Teacher: Diarmuid Ó Muimhneacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 314](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0357%2FCBES_0357_314.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 314
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Local Songs (continued)
“Once down is no battle no matter about it”
(continued from previous page)Beidh sgéal uaim láithreach ag tríall ar na saothair, is a’tríall ar mo bhráthair
Sé Dáth [1] na gCrann Ré [2] amuigh teacht annso amáireach
Beidh gárda bhreágh shaor ann, beidh Galbhín agus Daly
Agus ardóchaidh siad taobh de
Beidh císte maith eórnan ar scaffail gach ló
Agus braon d’uisge bheathaidh; sé is feárr dá bhfuil beó
Beidh píosa maith-cúmhra de chúl muiche méithe ann
Agus inniteacht dá múchadh le lún ó Geméca
Sí an chúirt seo Seáin Aerigh[3] tá déanta go súidhte
Dhá storey fé thalamh, trí scaffail ar aoirde
Cloch geárrtha ó Clancy agus móhogony mar adhmadh
Agus slínge ó Chéim Charraigh go blasta a’ tabhairt greim (air) dó.Beidh aol o Theamhair á ghealladh go bhreádh
Agus seimné cloca ‘mach tré na chorp lár
Brích ó Mountráithe á tarrach go mbáid [4]
Níl teastail fear bóthair O Eóchaill go “Lighthouse”[5]
Ná fiafhróchaidh de’m chómharsain, cé cómhnuigheann sa teaghlach
‘Sé Seán Bán Mac Gearalt gan dabht ag chur ceann air------------------------------------------------------------------
[1] Dáth = Daithí Ó Gailbhín a bhí na chómhnuidhe i [2] gCrann Ré in aice le Baile Deasmhumhan
[3] Seán Mac Gearalt féin [ 4] go mbáid = á dtabhairt ann ins na bádaibh
[5] Lighthouse = áit ar an dtaobh thuaidh de Bhaile Deasmhumhan(continues on next page)- Collector
- Líam Ó hÍarflatha
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Informant
- Bean Uí Shíothcháin
- Gender
- Female
- Age
- 86
- Address
- Knocknagree, Co. Cork