Scoil: Cnoc na Groighe (B.), Ráth Mhór (uimhir rolla 1685)

Suíomh:
Cnoc na Graí, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Muimhneacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0357, Leathanach 314

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0357, Leathanach 314

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc na Groighe (B.), Ráth Mhór
  2. XML Leathanach 314
  3. XML “Local Songs”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Local Songs (ar lean)

    Once down is no battle no matter about it

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Beidh sgéal uaim láithreach ag tríall ar na saothair, is a’tríall ar mo bhráthair
    Sé Dáth [1] na gCrann Ré [2] amuigh teacht annso amáireach
    Beidh gárda bhreágh shaor ann, beidh Galbhín agus Daly
    Agus ardóchaidh siad taobh de
    Beidh císte maith eórnan ar scaffail gach ló
    Agus braon d’uisge bheathaidh; sé is feárr dá bhfuil beó
    Beidh píosa maith-cúmhra de chúl muiche méithe ann
    Agus inniteacht dá múchadh le lún ó Geméca
    Sí an chúirt seo Seáin Aerigh[3] tá déanta go súidhte
    Dhá storey fé thalamh, trí scaffail ar aoirde
    Cloch geárrtha ó Clancy agus móhogony mar adhmadh
    Agus slínge ó Chéim Charraigh go blasta a’ tabhairt greim (air) dó.
    Beidh aol o Theamhair á ghealladh go bhreádh
    Agus seimné cloca ‘mach tré na chorp lár
    Brích ó Mountráithe á tarrach go mbáid [4]
    Níl teastail fear bóthair O Eóchaill go “Lighthouse”[5]
    Ná fiafhróchaidh de’m chómharsain, cé cómhnuigheann sa teaghlach
    ‘Sé Seán Bán Mac Gearalt gan dabht ag chur ceann air
    ------------------------------------------------------------------
    [1] Dáth = Daithí Ó Gailbhín a bhí na chómhnuidhe i [2] gCrann Ré in aice le Baile Deasmhumhan
    [3] Seán Mac Gearalt féin [ 4] go mbáid = á dtabhairt ann ins na bádaibh
    [5] Lighthouse = áit ar an dtaobh thuaidh de Bhaile Deasmhumhan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Líam Ó hÍarflatha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    13
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Shíothcháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    86
    Seoladh
    Cnoc na Graí, Co. Chorcaí