School: Carrigaline, Ráth Mhór

Location:
Carrigaline, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 097

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 097

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carrigaline, Ráth Mhór
  2. XML Page 097
  3. XML “Naomh Laitíaran”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ngan fhios do'n tsluagh, toisc cuaird do thabhairt ar thobar Liatíaran, chum impidhe uirtí a gcrosa do chur i láthair Dé, ach seo é leigheas a deineadh, ós cómhair pobail Cuilinn, méid a luaigheachta ar [?].
    Breis agus 40 bliain ó shoin thainig cailín, a cailleadh a cosaidheacht, go Cuilinn cun tarus do thabhairt ar an dtobar mbeannuighthe. Bhí dha maide croise aici, acht bé leonughudh Dé trí Laitíaran (mar do b'inntí a chuir sí a dóchas) gur fhág sí na maidí croise 'na diaidh, agus bhí lúth chos, agus neart a colna chómh maith léithe is do bhíodar aon lá riamh. Tá daoine ann fós a chonnaic an miorthúilt sin.
    Do réir bhéal-oidis, ar fhagáil bháis do Liatíaran do cuireadh í ins an áit gur pheacaidh sí, agus do leagadh cloch árd leathan go maith snoighthe i bfuirm chroise as a cionn. Is fiú é a luadh go ndeirtear go bhfuil a leithéid sin de leacht ar uaig Phádraig Naomhtha In dhiadh sin nuair a bhíodh na daoine ag tabhairt turais i gCuilinn, do ghabhaidís leas-muigh de'n gcloich, agus ag gabháil tairsti dóibh d'uimhlighdís dí. Ón nós san tháinig "Cloicín an Chuirtse", air teabáineann sé gur chreideadar go raibh sí ann.
    Le gach athrú saoghail d'imigh cuimhne an chreidimh sin, ach d'fan an nós gur cuireadar an falla suas (breis is 40 bl. ó shoin) timceall na roilge. Is beag duine anois a gabhann leasmuigh de "Cloicín a' Cuirthe". Teigid timceall na sean-roilge.
    Dheineas cóip de seo as sean-leabhar notaí - ní fheadar cé scríobh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish