School: Carrigaline, Ráth Mhór

Location:
Carrigaline, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 096

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 096

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carrigaline, Ráth Mhór
  2. XML Page 096
  3. XML “Naomh Laitíaran”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ach go h-áirighthe, mar níor aon ghabha ceardchu suas ó shoin. Níl aon amhras ná go raibh an ceardcha ann uair éigin, mar nuair a bhítheas ag glanagh amach an tobair suim blianta ó shoin, toisg go raibh aicíd diogbháileach ann, fuarthas alán cac-iarainn, agus tá sé le feiscint fós ar an mbán in aice an tobair.
    De réir deallraimh bhí mainistir bhan riaghalta i gCuilinn le linn Liatíarain, nó tamall beag na diaidh, agus teasbántar téarman na Mainistreach lastuaidh de Cuilinn fós. Deirtear go raibh an Mainistir istigh sa t-sean roilig, ach is ar éigin go bhfuil a rian le feiscint anois. Ach d'fhan meas agus urraim do'n Naomh ages na daoinibh ó Magh Ealla go Cill Áirne, agus ó Corcaig na long go Co. Luimnighe do dtí an lá indiu.
    Nuair a chuir na drifuireaca fútha inDúth Ealla bhí rud amháin ag cur buadhartha ortha - nár bhféadadar bheith igcuideachtain a chéile chomh mhinic isba maith leo é. Ní raibh eatorra ach duthaigh aimh-réidh deacrach lán de coilltibh is de bhogachaibh. Aon óiche amháin go rabhadar ibhfocair a chéile do ghuideadar Dia an cruadthan san do réidhteach dóibh, agus maidin mbáireach bhí trí bóithre réide leathana idir Cill Lastach, Cuilinn is Dromthairbh.
    Tá gach deallraimh gur leigheasadh alán daoine in
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish