School: Carrigaline, Ráth Mhór

Location:
Carrigaline, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Mhic Conchoille
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 088

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0357, Page 088

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carrigaline, Ráth Mhór
  2. XML Page 088
  3. XML “An Pilibín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí táilliúir ann fadó agus bhiodh sé ag imirt cleasa ar na daoine. Bhí sé in a cómhnuidhe in aice na Raithe-Mhóire. Bhí fear ar an mbaile ceadna darb' ainm Cathal agus bhí sé an-bhocht ach fuair a uncail bás i Meiricá agus d'fág seisean carn mór airgid le h-udhacht ag Cathal. Nuair a fuair sé an t-airgead bhí eirighe in áirde air agus thosnuig sé ag deanamh gaisge de gach saghas. Lá amháin chuaidh sé go tig an táilliúra.
    Bhuail Cathal isteach an doras "A tháilliúir bhéinn an-bhuidheach díot dá mbainfeadh an mhuing gruaige seo díom. Bheadh náire orm dul cun an Aifreann ar maidin agus an sgráith seo orm" "Bainfhid me agus fáilte."
    Suidh Cathal síos agus thosnuig an táilliúir ag gearrad na gruaige go raibh ceann Cathal chomh lom le h-ubhall ach d'fág sé píosa mór gruaige ar bhárr a chinn. Annsan chuaidh Cathal abhaile. Ar maidin Dé Domhnaig nuair a shrois sé geata an t-séipéil, bhuail an sagart leis. Bhain Cathal a hata agus cuir an sagairt sgairt a gáire as. "Cead míle fáilte romhat a Philibín" ar seisean agus o'n am sin amach bhí an t-ainm sin air agus ar a shliocht na dhiaidh
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish