School: Baile Uí Bhuaig (C.) (roll number 14817)

Location:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Cork
Teacher:
Neans Ní Shúilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 340

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0337, Page 340

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Page 340
  3. XML “Dó Aoil”
  4. XML “Cuntas Eile mar gheall ar Choinnle”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sa tsean aimsir deintí coinnle ins gach tig ar fuaid na duithche. Deintí coinnle ar dhá cuma coinnle múnla, agus coinnle tomtha. Do leightí an gheir, cuirtí buaiceas isteach sa múnla síos trí na lár, amach tríd an bpoll caol i mbun an mhúnla. Cuirtí an mhúnla na seasamh i bfód móna, sgaoiltí an geir leaghta isteach sa mhúnla san am céudna. Tugtaí aire go mbíod an buaiceas i lár an mhúnla. Núair a bhíod an geir fuar deintí an coinneal do tharrac amach. D'féadfaá an coinneal do leasadh i gceann uair an chloig.
    An dara cuma cun coinnle a dhéanamh. Tuigimís go raibh geir dóthain ceud coinneal ag bean tíghe. Ar dtúis do dheineadh sí céud buaiceas, agus cuireadh sí deich gcinn acu ar slat deas díreac, ach caitheadh sí iad a choinnéal órlac nó breis o chéile. Dheineadh sí an cleas céudna le deich slate. Annsan gheibheadh sí árthac mór, do leath-líonad sí í le uisge te, agus chuireadh sí geir leaghta san árthac céudna. D'fhanfad an geir ar bhárr an uisge, mar bhíód sé níos éadtruime, agus coiméadfad an tuisge té leaghtha é. Annsan deintí gac slat leis na deic mbuacais do thomadh sa geir. Do thógad gach buaiceas
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.