Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 340

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 340

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 340
  3. XML “Dó Aoil”
  4. XML “Cuntas Eile mar gheall ar Choinnle”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
  2. Sa tsean aimsir deintí coinnle ins gach tig ar fuaid na duithche. Deintí coinnle ar dhá cuma coinnle múnla, agus coinnle tomtha. Do leightí an gheir, cuirtí buaiceas isteach sa múnla síos trí na lár, amach tríd an bpoll caol i mbun an mhúnla. Cuirtí an mhúnla na seasamh i bfód móna, sgaoiltí an geir leaghta isteach sa mhúnla san am céudna. Tugtaí aire go mbíod an buaiceas i lár an mhúnla. Núair a bhíod an geir fuar deintí an coinneal do tharrac amach. D'féadfaá an coinneal do leasadh i gceann uair an chloig.
    An dara cuma cun coinnle a dhéanamh. Tuigimís go raibh geir dóthain ceud coinneal ag bean tíghe. Ar dtúis do dheineadh sí céud buaiceas, agus cuireadh sí deich gcinn acu ar slat deas díreac, ach caitheadh sí iad a choinnéal órlac nó breis o chéile. Dheineadh sí an cleas céudna le deich slate. Annsan gheibheadh sí árthac mór, do leath-líonad sí í le uisge te, agus chuireadh sí geir leaghta san árthac céudna. D'fhanfad an geir ar bhárr an uisge, mar bhíód sé níos éadtruime, agus coiméadfad an tuisge té leaghtha é. Annsan deintí gac slat leis na deic mbuacais do thomadh sa geir. Do thógad gach buaiceas
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.