Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
- XML Leathanach 335
- XML “Sníomh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon fheirmeóir sa pharóíste seo fadó ná chuireadh beagán lín gach bliain, an oireadh agus déanfadh gnó an tighe. Tá mór chuid daoine ann fé láthair ná fuil fhios acu chonus a chur ná é bhaint.Deintí an talamh do threabhadh agus d'fuirseadh agus do déanamh chómh mín agus dob fhéidir é agus na fialaidheaca do phiócad as. DO chrothtaí an síol san Abráin agus bíodh sé aibidh i mí Lughnasa. In ionad é ghearadh le speil nó le h-inneall is amhlaidh a staithtí é mar tá na preámhaca chómh maith leis an gcuid eile dhe.Nuair a staithtí é deintí punanna dhe agus chuirtí iad seo isteach i bpoll uisge ar feadh trí seachtmhaine. 'Sé chúis go ndeintí é seo ná chun an smior a bhíonn sitig sa ghas a bhogadh agus a scaramhaint ó'n gclúdach atá ar an dtaobh amuigh dhe. Caithtí é fhágaint san uisge go dtí go mbíonn sé bog 'na cheart ach ní ceart é fágaint níos sia. Seo an chuma go bhfaightí an fhios seo:- "bristí cheithre nó chúig de ghasaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Treasa Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cnoc Rua, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Daithí, Co. Chorcaí