Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Neans Ní Shúilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 244

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 244

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.)
  2. XML Leathanach 244
  3. XML “Scéal Grinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Do bhí breabanna Corcaighe i dteannta chéile úair cun Maora núa do chur isteach agus do bhíodar lá ag gábhail do agus theip ortha é shocrú. Ach sé seo an shocrú a dheineadar ná, Tá ceithre bóithre móra ag teacht isteach go Corcaig agus do chuireadar fear ar gach bóthar díobh san agus an céud duine a thiochfhadh cúcha ar maidin Máora a dhéanamh de
    Do chúaidh fear ar gach ceann des na ceithre bóithre annsan agus do bhíodar ag faire.
    Sé an céud duine a tháinig chúcha ná fear aníar ós na sléibhte ar a dtugtaí Tadg na Cuaice agus capall agus trucaill agus dá feircín ime aige. Do thógadar leó Tadg agus do fúaradar búachaill agus dubharadar leis na feircíní ime do dhíol agus an tairgead a bhreith leis síar abhaile chun bean Thaidg na Cúaiche.
    Sead annsan do thógadar leó Tadg agus do bhí sé lán d'feasóg agus do thógadar leó go tig bearradóra é agus do bearradh é agus do dheineadar duine glan de. Thógadar go dtí tig tailliúra annsan é agus do chuireadar culaith núa éadaig air. Do rugadar leo isteach go siopa na mbítí ag díol uaradóirí ann agus do
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chéilleachair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Donnchadh Ó Colmáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 95
    Seoladh
    Ceann Droma, Co. Chorcaí