Scoil: Baile Uí Bhuaig (C.) (uimhir rolla 14817)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Neans Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Timcheall ochtó bliadhan ó shoin ní raibh aon siopaí sa cheanntar so. Do bhí dhá thig tabhairne ann. Go Maghchromdha chaitheadh na daoine dul a d'iarraid pé teachtaireachtaí a bhíodh uatha, agus is beagh a bhíodh mar ní bhéadh an t-airgead acu.Ins an aimsir sin nuair a bhíodh fear ag obair do fheirmeoír, do bhíodh tig beag aige ó'n feirmeóír, do bhíodh cúpla caoire aige agus aít cún a gharraidhe do chur. Ní bhíodh mar págh aige ach ceathar nó cúig de phinginí sa ló. As an bpagh so do caithfheadh sé díol as an tig agus a' féar na gcaorach. Ní bhiodh mar biadh aige féin agus a bhean agus a chlann ach prátaí agus bainne géar. Sé an t-eadach a bhíodh acu na éadach a dhéinidís sa bhaile ó olan na gcaorach.Dá gceannócadh fear oibre aon rud ó fheirmeóir, síol prátaí nú aon rud mar sin, ní le h-airgead a díoladh sé ac le h-obair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Síothcháin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Sheáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80